Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 December 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do an t-Athair Donnchadh Ó Teacháin agus cailleadh é agus
tá sé curtha i Mainistir Dhair Fhinán (é.) Bhí sé caillte annsan thoir i nDair Fhinán Beag mar a bhfuil Donnchadh Ó Curráin ’n-a chómhnuidhe, annsan a cailleadh é. Bhí sé a’ léigh Aifrinn sa t-seana shéipéal san thoir ’dtaobh ’bhus do’n
abhainn mar a bhfuil Éamonn Ó (ic) Cearail, annsan bhí sé a léigh’ - annsan a cailleadh é go
h-áirithe, agus do bhí bean bhocht annsan toir ar Dair Fhinán Beag mar a raibh sé agus cailleadh a clann agus bhí aon chailín - aon inghean amháin aici agus do mhair sí sin cupla bliadhain agus do tháinig breoidhteacht errthí sin ’gus do cailleadh í i gcionn tamaill agus d’iarr a’ mháthair errthi teacht chúichi agus í féinig a thusbáint di ar shlíghe éiginteach ar slíghe is go dtabharfadh sí - Seadh! sa bhFóghmhar annsan - deire an Fhóghmhair amach - do tháinig sí - bhí sí a’ crú na bó agus nuair
a - ar a línn di eiriúghadh agus an bhó crúidhte aici do bhí an ingean ar a h-aghaidh amach agus chaith sí uaithi - leog sí uaithi an galún agus chuaidh
sí agus bheir sí b’róg ar an ingín. "Fanfadh tú agam anois, a dhalta," ar sise . "Ó, n’fhiadfainn é,(leanann ar an chéad leathanach eile)