Ó’s, a luibín na gcocán", ar sé,
a’ chúil chrothánnaig chraobhaig,
Cadé cúrsaí do dhiombáidh go bhfuil an t-ochlán go léir ort,
Ciaca h-athair nó do dhritháir nó
do lionnán fir-chéile.
Do chuaidh uait ar neamh
-áird go bhfuil a’ t-ochlán go léir ort.
Ó's 'gus d’fhreagair mé an óig - bean mhódhmhail mhódhmharach na gcliar,
Nách gaolta ná cómhgas do león mo chroidhe im’ chliabh,
Ba capaill ná bólacht ná mór-stoc ar shliabh,
Ach fáin grádh mo chroidhe ’seóladh chun bórd loinge siar
[do chuir sí isteach an dara bhéarsa annso arís]
Ó's a stuaire chiúin stuamdha na
gruaige breágh buidhe,
Ná tiocfá annso anuas chúgham
ar chongar na díghe,