Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 127](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_127.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 127
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí geárrfhiadh ar mhallaigh leathconaill - gheárrfhiadh-sidhe a bhí ann, agus bhí sé n-a luighe thall ar a mhallaigh agus bhí fear thall i gCruimleann, agus tháinic sé anall lá amháin a sheilg,...”
(ar lean ón leathanach roimhe)1
121 3391
a sheilg, agus thug sé gasúr go mallaigh leath
Chonaill leis, agus d’fhiafruigh sé dó a rabh
fhios aige cá rabh an geárrfiadh udaí.
"Tá fhios agham," arsa’n gasúr, tá sé
thuas udaí ar a mhallaigh thuas annsin
astoigh ina leabaidh. Shuas leis a bheirt
Cé’n áit a bhfuil a gheárrfiadh anois?"
"Tá sé tharr annsin. Chuaidh sé soir
agus d’éirigh an geárrfiadh agus dhreasuigh
sé an cú ’n-a dhiaidh.
Maith go mo ghránaí é! maith mo ghránaí é.
maith mo ghrándí é!" adeiread seisean,
agus d’imthigh leis, agus ní bhfuair a cú
suas leis a geárrfiadh. D’aithin a fear
thall goidé’n cineál geárrfiadh a bhí
ann, agus lá thar na bhárach tigidh sé
anall agus gunna leis, agus í lódailte
agus sé fighne astoigh ins an urchar aige.
Tháinic sé anall, agus chuir sé n geárrfiadh
’na shuidhe, agus scaoil sé leis agus mharbh
sé é. Thug anonn é agus bhruigh thall
i gCill uchtaigh é astoigh ag n-a uighean,
agus ba í gránaí an fhir seo a bhí ann
astoigh ins a’ phlear.(leanann ar an chéad leathanach eile)