Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan. ”
(ar lean ón leathanach roimhe)131 3278
an áit chéadna arais
"Béidh sin deánta," arsa seisean. D’imthigh
an Deághnaidh isteach sa t-sean-lamp arais.
Shiftail a teacht anall arais, agus ar
maidin lá thar na bhárach nuair a d’éirigh
méire an bhaile mhóir bhí’n teach amuigh
ins a pháire an dóigh céadna a rabh sé
ariamh. Bhí leacht go deo annsin ar an
am a bhí ann-a bhí ag Méire an bhaile
mhóir annsin, agus ar a luthgháir a bhí
inghean
air, agus a t-iomlán a bheith abhaile
arais. Ní rabh an teach ar a domhan
annsin a ba deise nó é, agus bhí
sean-bhean na chomhnuidhe ag n-a dtaobh
agus sé a bhí a choinneáil suas an uile
lá le biadh agus an uile chineal a rabh
a dhith oirthí, agus goidé do bharamhail
nach dtáinic a Dheághaidh seo an am
amháin fhad leis an t-sean-bhean seo
a bhí n-a chomhnuidhe ann, agus d’fhiafruigh
sé dó’n t-sean-bhean a ndíolfadh sí an
áit seo leisean, "agus shaoil sí gur
fear eile a bhí ann(leanann ar an chéad leathanach eile)