Volume: CBÉ 0312

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0028

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    cailliú a bhean. D’fhásadar suas ’n-a ngas-
    úir mhatha agus chuir sé ar sgoil gon Fhrainc
    iad a’ fóluim cleasa lúth agus gaisge, druíocht
    agus easarluíocht, mar bhí sa bhfaision an uair
    sin. Well nuair bhíodar insin ar feadh
    tamaill dúirt sé leis héin go ru sé cho
    math dhó pósa aríst, agus sén sgéal é phós
    sé an ath-uair. Agus an bhean a phós sé an
    iarra seo bhí sí ag imeacht amach lá a’
    spaisteóireacht di héin, agus bhí sí ’gul thar dhorus
    teach cearc a bhí ag a’ rí, agus bhain truisle dhi
    agus leagú í.
    "Tille tubaiste chugat!" adeir a’ chailleach
    chearc.
    Níor thug a’ bháinríon aon fhréagra urthe.
    A’ chéad lá eile bhí sí goil thart agus bhain
    truisle eile dhi.
    "Tille tubaiste chugat!" adeir a’ chailleach
    chearc.
    Níor thug a’ bháinthríon aon fhreágra an
    iarra sin urthe.
    A’ tríú lá chua sí amach aríst, agus d’eiri
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    26 January 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant