Volume: CBÉ 0312

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0100

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0100

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    oibre a’ cartadh san áit a rabh an lisín, mar bhí an cosán a’ dul an bealach sin. Nuair a chuaidh
    siad abhaile trathnóna ní rabh aon fhear acu nach rabh bó nó gamhain nó rud eicínt leis chaillte. B’é an sgéal céanna é an trathnóna dar gcionn - b’éigin dóibh eirí as a bheith a’ cartadh an lisín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bíodh sé seo dhá fheiceál i gCúl (Coole avenue), Cill Tártain. Bhí fear oibre sa teach
    Mór i gCúl (.i.Teach an Tíarna Gregory) agus d’fheicfeadh sé go minic é. Bhí sé dhá innseacht don tsagart uair agus dúirt sé go gcaithfeadh sé gur bhreágh an saol a bhí acu seo a bhí ag imeacht ins an gcóiste. D’fhiathraigh an sagart de
    a’ bhféadhfadh sé a lámh a leagan air an gcóiste agus dúirt sé go bhféadhfadh. Dúirt an sagart leis é sin a dheanamh an chéad uair eile a d’fheicfeadh
    sé é. Chonnaic sé an cóiste oíche eile agus leag sé a lámh air nuair a bhí sé ag dul
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    30 January 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant