Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)i n-a dhiaidh sin. Deir an sgéalaí go rabh a athair héin ag an tsochraoid agus gur minic a
chuala sé é ag innseacht an sgéil. Tuairim is deich mbliana agus trí fhicid ó shoin a thárla sé. - Thit fear ins a’ bhfaraige ag an dug i nGaillimh agus bhí sé dhá bháthadh. Shábháil fear eile é, ach nuair bhí sé dhá thabhairt i dtir bhain sé leathshúil as.
Chuir an fear a sábhaileadh annsin dlighe ar an
bhfear a shábháil é faoi chailleadh a leathshúile. Bhí
an chuís le dhul ag an gCúirt. Lá nó dhó roimh a gcúirt thárla go rabh an breitheamh a’ dul an
bhóthar agus chonnaic sé sgata gasúr ar thaobh a’ bhóthair agus iad a’ pléidhe na cúise eatorra héin, agus duine amháin acu ina sheasamh ar leic as a gcíonn mar bhreitheamh. Agus sén bhreith a’ thug an gasúr ar an gcúis: an fear a bhí dhá bháthadh a chaitheamh amach arís ins an áit chéanna agus ligean dó teacht i dtír uaidh héin annsin dhá bhféadadh(continues on next page)