Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)3233312
matha a bhí ánn a’ buala báire.
7 é. An gháire side
Bhí athair an sgéalaí a dhul go gaillimh lá le
ualach cruithneachta dhá dhíol. Nuair bhí sé i bhfois-
seacht trí misé nó mar sin do Chill Cholgain chuala
sé an gáire taobh thear dhe. Chuala sé an gáire
an tríú h-uair agus d’fheach sé siar. Nuair a d’fhéach
n fhaca sé ach mar bheadh cárnán aalis a caithfí
anuas ar lorg rotha an cháire. Maidir leis an
ngáira shíl sé gur a’ magadh faoi a bhí sé
lárnamháireach bhí sé a dhul go bhaillimh arís agus
Bhí a bhean i n-éineacht, beidh. Bhí tuile ins an am
ar achaon taobh den bhóthar ins an áit ar chuala
sé an gáire. Agus ins an aith chéanna chonnaic
sé héin agus a bhean bean a bhí gléasta i n-éadach
bán ar fad a’ siúl leithe ar bhárr an chlaidhe ar
an taobh thoir den bhóthar nó go ndeacha sí as
a n-amharc. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.