Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)ar a chúram feasta. Innsíonn sé fán mbuidéal don tíarna talún. Teastuíonn ón tíarna talún é fhail dhó héin, agus táirgíonn sé go léir beithíoch dhó ar an mbuideál. Ar chómairle na
mrá tugann sé an buideal dó ar na beithí. Ach is gearr i n-a dhiaidh sin go dtáinic galra
icínt ar na beithí agus gur cailleadh iad ó cheann go ceann agus nach rabh fágtha ag mo
dhuine bocht arís ach aon bhó amháin. Thug sé leis í sin go ndíolfadh sé ar an aonach í.
Casadh an feairín céanna leis ar an mbóthar, agus d’fhiathraigh sé dhe céard a rinne sé leis an
mbuidéal. D’innis seisean dó. Tugann sé buidéal eile anois dó ar an mbó. "Níl le deanamh aige ach an focal a rá agus tioca oifigeach airm agus a chuid saighdiúirí amach as an mbuidéal seo agus a gcuid "cleath-ailpiní "acu, agus tosócha siad a’ bualadh agus a’ réabadh de réir mar
ordóchar dóibh. Tugann sé leis an buidéal abhaile. Ní i bhfad ina dhiaidh sin go dtugann
sé cuireadh un a’ tige don tíarna talún go spáine sé an t-íontas nua dhó, agus iarrann sé(continues on next page)