Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)air an buidéal eile a thabhairt leis. Tagann an
tíárna talún, agus an buidéal aige, ach is gearr
go mbaineann na saighdiúirí dhe é ar ordú fhear
Chroc Meadha. Chaitfidh an tkiarna mór a dhul
abhaile - falamh, agus tá a dhóthain ag fear Chroch
Meadha an fad’s mhairfeas sé arís agus a dtioca
i n-a dhiaidh. - I mBaile Chaisleáin (par. Chill Thártain) atá an sean-chaisleán seo - is uaidh atá an baile sin
ainmníthe. Bu droch-dhream a bhí ina gcónuí sa
gcaisleán sin (ach níl fhios ag an sgéalaí ná ag
muintir na h-áite cérbh iad héin na cén uair a
bhíodar ann). Bhí crann i bhfoisgeacht ceathrú-
míle don chaisleán a dtugaidís Cránn na Crocha
air (is ble baile fearainn Ballymanton anois an
áit a bhfuil Cránn na Chrócha," adeir an sgéalai ach is i
mBaile Chaisleáin a bhí sé de réir na sean-tórann). Nuair a crochfaí duine ar an(continues on next page)