Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)mbean - gur b’í bu chiontach leis.
"Well, má’s í," adeir sé, "ní mhathfa mé dhuit," adeir sé,
"ní fhéata mé matha dhuit - shíl tú mé chuir gon
tsaol."
Ach rug sé ar a’ mbean insin agus thug sé leis
ar a dhruím í, a goil go mbáthfat sé í. Agus
nuair a shíl sé í chatha amach sa bhfaraige rug
sise air agus báthú an bheirt acab le chéile.
Agus bhí an Chúirt ag Cruchúr é héin insin, agus
phós sé, chreidim, - phós sé agus bhí bainis naoi n-oíche
agus naoi lá acab, agus b’fheárr an oíche deireannach
ná an chéad oíche.
Sin é mo sgéal-sa anois.