Volume: CBÉ 0312
![The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0382](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0382.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0382
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)athair ’n-a dia'. Ach i gceánn dhá bhlian phós sé
bean eile as Condae an Chláir, agus bhí an leas-
mháthair go h-an-mhath dhon ghasúr an chéad bhliain.
Ach a’ tarna bliain bhí sí ’cruinniú olc do agus a’
casaoid air. Dúirt a’ t-athair leis go gcathfach sé
dhul ag a’ sliabh leis na beithí agus fanacht amu’
sa sliabh leotha go mbeach sé i n-ám iad a
thóirt abhaile trathnóna. Thomáin a’ gasúr na
beithí roimhe amach ar maidin agus gho sé ar a’
sliabh (slíú), agus dhin sé é sin ar fhad trí nó
ceathar go mhaidineachaí. Ach lá dhá ru sé amu’
hainic (= chonnaic) sé seanfhear liath a’ teacht
uige. Agus nuair a thainic a’ seanfheairín suas
leis d’fhiara sé dho a’ mbeach rud a’ bith
aige thabharfach sé le-n-ithe dho, mar nár ith
sé aon cheó le trí lá roimhe sin. Dúirt a’
gasúr go ru a dhinnéar aige agus go dtabharfach
(pron. dtúrach, beagnach) sé a leath dho. Sgaoil
sé amach a’ dinnéar agus thug sé a leath dhon sean-
fheairín. Ach nuair a bhí sé ithte ghlac a’ seanfhear
buíochas leis, agus dúirt sé leis: "trí nídh ’bith a
iaró tú anois gheobha (gheou-a) tú iad."(continues on next page)