(continued from previous page)
suas aríú dhon chatha aimsire sin," adeir sé.
Rec. 833. Chuadar ag imirt na gcárdaí insin, agus
ghrú(th)a mac an rí.
"Cuir do bhreith anois," adeir a’ sgológ.
"Well, cuirim-se faoi bhreith is faoi gheasa
thú," adeir mac rí nÉirinn, "an méid talthúna atá
ag m’athair," adeir sé, "a bheith lán le stoc - le beithí
beaga agus móra," adeir sé, "shul dá n-eireó sé ar
maidin amáireach."
"Math go leór," adeir sgológ na fiasóige liaith,
"cathfa sin a bheith dianta," adeir sé.
Ar maidin nuair a d’eiri sean-rí na
hÉireann bhreathna sé amach agus chonnaic sé an
taltha faoi bheithí - beithí ar chuile dhath:
dúbh is buí is breac is chuile dhath mar sin.
"Sílim," adeir sé, "go bhfuil tusa a’ plé le
fear druíocht icínt," adeir sé leis a’ mac.
"Ó táim, ’athair," adeir sé, "Má táim héin," adeir sé,
"nach cuma dhuit-se ná go mo mháthair é: nach
mbeidh a ndóthain héin agaí-se anois?"
"Á well," adeir a’ sean-rí, adeir sé, "sílim gur
feárr ’uit éisteacht le lucht druíocht," adeir sé.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.