Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)rí nÉirinn i n-ann í ghoid ón Domhan Thoir. Well
bhí gárda uirthi sin nár bh’fhéidir air i n-aon chaoi
ná i n-aon bhealach. Agus nuair a bhí siad a’
sgara le chéile séard dúirt Rí Gadrachaí as a’
Domhan Thoir - chuir sé an méid sin do thrioblóid
air gan a’ tarna h-oíche cholla i n-aon teach, gan
aon tarna h-oíche cholla ar aon leaba, gan an
[tarna] deoch ól as aon rud faoin saél ar
fad nó go dtiocach sé agá n-a theach héin; agus
bhí sé sin an-fhada uaidh.
"Dona go leór!" adúirt sé, "dinfa mé mo
dhícheall."
Ach chua sé agá n’athair agus d’fhiathra sé dho
céard a dhianfach sé - cé chaoi n-imeóch sé leis héin.
"Well," dúirt a’ t-athair leis, "tá fear ugum-
sa agus ní math liom sgara leis, agus sén t-ainm atá
air Sgológ na Luaithí."
"Bu cheart duit an sgológ," adeir sé, "a ligean
liom."
"Licead," adeir an t-athair, "má gheallann tú dhom
go dtabharfa tú slán abhaile ugum é."
"Well má thugaim mé héin slán," adeir sé,(continues on next page)