Imleabhar: CBÉ 0312
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0478](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0478.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0478
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhiana dhuithe (pron. dhothe) - bhí obair seachtain’
ar chaoi ’r bith ins a’ teach. Agus ní ru duine
’bith ánn ach bean óg agus fear, agus ní ru ucuv
ach aon pháistín amháin. Well níor chrutha Dia
ná an saol aon pháiste eile bhí cho crosta
leis; bhíoch sé a’ sgreadach agus a’ béicíl go ló agus
d’oíche; ní ru aon mhath a bheith ’tóirt aon
sórt dho, ach a’ sgreadach. Ach by gories a’ lá
seo bhí sí imíthe amach ag iarra canna uisge,
agus is dóch go ru an tobar
tamaillín uatha, agus bhí an táilliúr thuas ar a’
mbourd.
"A muise," adeir sé, "go (gabh) ’mach agus
tor ’úinn (tabhair dhúinn) píosa ceóil!"
"A, ní thiúrad, " adeir sé, "d’innse’á orm."
"Ná bíoch faitíos ort," adeir sé, "ní innseó
mé go deó ort é."
D’eirigh sé dho aon spring amháin agus
chua sé suas faoi na frothachaí. Well tharr-
ain sé anuas na píopaí is breácha dá bhfaca
aoin fhear aríú ná leag Dia súil orthú; agus
marar thug sé ceól uaidh ná bac le Gaille!(leanann ar an chéad leathanach eile)