Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0541

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0541

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhaint do shul má thiocach a’ fuisgí as bheinn ar
    meisge ’n-a dhia’."
    D’fhiara sé dhon tárna mac cén lear fuisgí
    a d’ólfach sé nuair a bheach sé ar meisge. Agus
    dúirt a’ tárna mac dhá líonach siad gloine fuisgí
    agus é chatha amach sa sruth míle beala’ uaidh agus
    deoch ól as a’ sruth go mbeach sé ar meisge ’n-a
    dhia’.
    Ach d’fhiara sé dhon tríú mac cén méad
    fuisgí a d’ólfach sé.
    "Á má labhrann tú ar fuisgí aríst," adeir a’
    tríú mac, "ní bheidh cois fuíom beidh mé cho dáll-
    ta sin."
    Níor thaithni sin leis a’ bhfeilméaraí.
    "B’ait liom fios a bheith ugum," adeir sé, "cé ug-
    uiv is fuide d’fheicfeach."
    "Well," adeir a’ mac is sine, "tá’s ugut a’
    sliabh," adeir sé, "atá chúig mhíle dhéag as seo?"
    "Tá’s," adeir a’ t-athair.
    "Well," adeir sé, "feicim frith ’n-a luighe i gcloch
    ar a’ sliabh sin."
    "Tá sé sin géar go math," adeir a’ t-athair. "Cén
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    24 March 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT1950: The Three Lazy Ones
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir