Volume: CBÉ 0441 (Part 1)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)gon tada a dheanamh no go dtagann go dtí thú, Gabh anúas agus ith do bhéillí".
"Ní íasadh mé aon greim a coidhcheann is ghadhardhaich go mbéidh an cloigeann bainte ag t-athair díomh" "Gabh anúas agus ith dó béillí" adeir sí "agus ná bí ag bainnt cainnt asam." Tháinic sé anúas agus dith sé a a [!] bhéillí. Thairing sí píce béag amach as a póca agus chaith sí rúinne beag go aoileach amach leis, shuidhe sí síos agus sgair sí amach a n'aprún, thosaigh an t-aoileach a dhul amac uaidh h-fhéin, agus ba geárr go raibh an stabla glanta. Tháinic an t-snáthadh isteach go léim i na n'aprún.
"Seo anois" adeir sí", coinnigh greim maith uirthi seo nó go dtugadh tú go m'athair í."
Cúaid sí abhaile agus ba geárr abhí sí imthigh nó go dtáinic an Ridire go dtí mac a Rí, agus d'fiafruigh sé dhó a bhfúair sé an t-snáthad. Dubhairt sé leis go bhfúair. "Agus" adeir sé "mara raibh gnotha ar bith ad dhíom ach(continues on next page)