Volume: CBÉ 0441 (Part 1)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)mé a chionghbháil as baile mar geált ar do shean shnáthad mheirgeach, is Dia góir dé dhuit nar leig abaile mé".
Chuaidh siad abhaile ag a teach, Ba geárr abhí siad istigh nuair a d'eirigh Mac a Rí na sheasamh agus chuaidh sé amach a doras "Cáil tú goil" adeir an Ridire "Tá mé a goil abhaile" adeir Mac a Rí "Fóill Fóill" adeir an Ridire "thug mise lá maith conghta dhuit h-féin i nÉirinn" "Más dhá mhuigheachtáil orm atá tú, tiubhradh mé an lá máireach go congta duit" adeir mac a Rí.
Núair a bhí sé i n'ám aige a dul a chodhladh tháinic an bhean óg go dtí é agus níor thug Sí néall le codlad go maidin dhó ach a muinead trí leim, cleasa luath agus gaisgid dhó. "Sé an obair a bhéas ag m'athair amáireach dhuit" adeir sí "Tá nead ag seabhac tamall ón teac seo agus tá trí h-uibhe innti agus d'éiridh m'athair leat, nead an t-seabhac agus na h-uibheachaí a bheit ad dhó air úair a dó dhéag nó béidh an ceánn le caillead ad, ná bac leis an nead no go dthagad mise go dtí thú.(continues on next page)