Volume: CBÉ 0441 (Part 1)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0046

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Níor thug sí néall le codhladh go maidin dhó ach a muineadh trí léim, cleasa luath agus gaisgidh dhó. "Anois" adeir sí "rachadh m'athair a déanamh cleamhnas amáireach leat, tiubradh sé slat bheag duit agus tiubhradh siar mise agus m'aon deirbhsiúr déag sa seomra agus déanad sé dhá cheánn déag go Choilm gheala dhín, tiubhradh sé aniar muid agus leagad sé air an mbord muid, caitheadh sé glac cruithneacht againn. Déiridh m'athair leat buille gon t-slat a bhúalladh air cheánn againn agus bé ar bith ceánn a bhúailes tú go gcaitheadh tú an ceann sin a phioca amac trí i ndhiaidh chéile. Núair a déiris m'athair leat céann againn a bualadh leis an t-slat abair leis go mbéidh tú luatha go leór go deas an caithe aimsire a bheith orainn. Is geárr aríst go ndéiridh sé leath buille a bualadh agus abair go mbéidh tú luatha go leór. An triomhad h-úair a déiris sé leat buille a bualadh béidh mise ag goil thart thar an áit a mbhéid tú do sheasadh agus feicid tu cleite beag súntasach i mo sgiathán deas agus buailleadh tú buille gon t-slat orm agus déanadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant