School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá áit i mbaile an Chaiseal ar a nglaodhtar "An Scithóg".
Tá crann mór ag fás san áit seo, agus crann draoidheachta is eadh é.
Fad ó shin tháinig ceathrar fear as Innisbigle go dtí an crann seo chun bád a dhéanamh as cuid d'en chrann. Nuair a bhí an bád déanta thug siad amach é ar an bfairrge agus chuadadar ag iasgaireacht leis.
Deirtear gur báitheadh iad agus ní raibh siad le feiceál ó'n lá sin. Ní raibh ceart aca an crann sin do ghearradh.
I n-aice an chrainn seo tá pota óir i bhfolach ag tobar beannuighthe. Deirtear go bhfuil péise ag faire an óir, agus nach bfághadh aon dhuine é acht duine a mbeadh ainmhidhe le ceithre cosa leis.
Tá go leór carraigeacha mór san áit seo freisin agus deirtear go bfuil ór i bhfolach futha.
Bhí caisleáin agus mainistreacha(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Chorracáin
- Gender
- Female
- Address
- An Caiseal, Co. Mayo
- Informant
- Micheál Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An Caiseal, Co. Mayo