School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sé índan é fhéin a thionntódh isteach í go leór rudai. Ar chaoí ar bith d'imthigh an t-athair agus an mach abhaile go socar sásta. Ní raibh Caiptín an Regimint sásta leis an gcaoí éasgaidh a d'imthigh an gasúr agus bheartuigh sé go bhfuigeadh sé sásamh as.Bhí go maith, nuair a bhí an gasúr roinnt aimsire sa teach, bhí sé ag eirghe tuirseach. Dubhairt sé leis an athair lá amháin go raibh sé indan capall a dhéanamh dhó fhéin. Cé'n maitheas é sin arsa an t-athair. Bhoil arsan gasúr déanfaidh mise capall dom fhéin agus déanfaidh mé ceannrath (adastar) a cheanlóchaidh mé. Annsin tiocfaidh leatsa mise a dhíol agus geobhfaidh tú neart airgid orm. Nuair a bhéas tú gam dhíol tabhair aire gan an ceannrath a díol. Má dhíolann tú é sin ní bhéidh mise indan teacht ar ais. Má choinnigheann tú é sin béidh mise indan teacht tar nais chugat gan moill agus sa slighe sin béidh airgead faighte agad ar tada. Rinne an t-athair mar adubhairt an mach. Rinne an mach capall dhó fhéin agus thug an t-athair cun an aonaigh é agus dhíol sé é mar ba chóir. Thug sé aire maith gan an srian a dhíol. Fuair an sean-fhear luach maith ar a' gcapall agus(continues on next page)
- Collector
- Padhruig Ó Gallchóbhair
- Gender
- Male
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Informant
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Gender
- Female
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo