School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach dubhairt sé leis an gcailín aimsire gan doras an rooma a fhosgailt chor ar bith go dtigeadh sé féin ar ais. Nuair a bhí an caiptín imthighe dubhairt an gasúr a bhí sa rooma go raibh deoch uisge ag teastáil uaidh. Níor labhair an cailín leis. Ghlaoidh sé uirrthi aríst. Níor smaoinigh an cailín ar an rud a dubhairt an caiptín léi ar maidin. Thug sí deoch do'n ghasúr. Chomh luath is a fuair ar gasúr an deoch rinne sé easgán dhó fhéin agus léim sé isteach sa chupán uisge. Tar éis tamaill thóg an cailín an cupán as an rooma. Bhí ionghantas uirrthi nuair nach bhfaca sí an gasúr ceangailte. Dhearc sí sa chupán agus chonnaic sí an easgán ann. Bhí abha uisge in aice an tighe agus chaith an cailín an cupán uisge isteach san abhainn. As go bréag leis an easgán ag tarraingt ar a theach féin. Nuair a tháinig an caiptín abhaile bhí ana-ionghantas air nuair nach bhfacha sé an gasúr sa rooma. D'fiafruigh sé don cailín an bhfaca sí é ag imteacht. Dubhairt sí nach bhfaca ach gur iarr sé deoch uisge uirrthí agus gur thug sí dhó é agus na dhiaidh sin go bhfaca sí easgán sa chupán ?(continues on next page)
- Collector
- Padhruig Ó Gallchóbhair
- Gender
- Male
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Informant
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Gender
- Female
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo