Scoil: Caurane (C.) (uimhir rolla 13176)
- Suíomh:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Múinteoir: Bean Uí Fhaoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Sagart agus an Diabhail.Ins an am fadó sul a rug Páraic Naomhtha deirtear go raibh an-chumacht ag an diabhail. Lá amháin chuaidh sagart Paróiste Eadargúil (Addergoole - seacht míle o Pont-Abhann) ag breathnughadh ar a chuid beithideach agus nuair do bhí sé ag teacht abhaile d'féach sé suas ar bhárr a tighe agus céard do bhí ann acht an diabhail agus é ag damhsa go h-áthasach
D'iarr an sagart cé'n bród a bhí air. Dubhairt an diabhail go raibh sé ag damhsa le h-áthas mar bhí an Pápa ar tí duine da chompánaigh féin a phósadh agus go mbeadh lá mór aca. D'iarr sé ar an sagart an dtiocfadh seisean. Dubhairt an sagart go rachadh sé agus go mbeadh seisean in a chapall le n-a iomchur anonn.
Thosuigh an bheirt aca ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní hÉil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Treanybrogaun, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Seán Mac hÉil
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Treanybrogaun, Co. Mayo