School: Craig Dhubh
- Location:
- Cregduff, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Mac Giobúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Craig Dhubh
- XML Page 413
- XML “Feenone”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ag breathnú ar léir-sgáil na h-Éireann feicfidh tú Scoith Imligh, an Scoith atá ag gobadh amach ag an gcoirnéal atá siar o dheas de Chuan Mogha taobh thiar de Conndae Mhuigheó. Cúpla míle taobh o dheas aríst de'n Scoith, tá baile fearainn a tugtar "Feenone" air i mBéarla, ag sineadh on bFairrge Mhóir isteach go bun Maol Réidh, an sliabh is aoirde sa gconndaé. Baile Fearainn an fhada seadhe acht tá stráice de caillte anois agus toigthe isteach ag bailte eile in aice na fairrge. Mar is léir ó'n méid tir-eolais seo, tá ceann an bhaile in a phortach bun sléibhe agus ceann eile in a dhumhach gainimh cois trágha. Tá dá leabhaidh Dhiarmada ann go foill, ceann in aice na fairrge agus ceann isteach sa bportach, ar an gceann eile, an bhaile ceithre míle ó'n a chéile agus an baile fearainn "Feenone" ag síneadh amach eatorra.Seo mar a fuair an baile a ainm.
Nuair a bhí Fionn agus an Fhiann ag tóraidheacht Dhiarmuda agus Gráinne tháinig siad chomh fada le baile eile sa gceanntar a tugtar "Áit Thíghe na bhFiann" air fos sa(continues on next page)- Collector
- S. Mac Guibiún
- Gender
- Male
- Informant
- John Kerrigan
- Gender
- Male