School: Craig Dhubh
- Location:
- Cregduff, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Mac Giobúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Craig Dhubh
- XML Page 478
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.Bhí fear ann fadó agus bhí an-dúil in ól aige. Oidhche amháin agus é ag teacht abhaile thuit sé in chodladh agus d'imthigh an t- asal leis. Níor stop sé go dtáinig sé chómh fada lé coiléar gúail agus stop sé annsin.Núair a chonnaich na míanadóirí an t- iongnadh seo taobh amuigh d'en choléar chuadar amach agus bá é an chéad rud a rinne siad na pócaí an fhir do chuartúghadh. Fúair síad buidéal uisce-beatha agus seacht is sé píghne ann. D'iomchair síad an fear bocht síos sa gcoiléar agus bá ghearr gur dhúisig sé.Anois bhí an duine bocht i sáinn mar ní raibh fhios aige cá raibh sé no ce'n sórt daoine a bhí in aonfheact leis. D'fíafhruigh sé de na míanadóirí cá raibh sé agus dúbhairt síad go raibh sé in Ifreann. Dubhair[t] siad freisin go leigfheadh síad amach é(continues on next page)
- Collector
- Annie Burke
- Gender
- Female
- Address
- Cappacurry, Co. Mayo
- Informant
- Mr John Burke
- Gender
- Male