School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 282
- XML “Cailleach”
- XML “Ráite ag Baint le Mórán Ócáid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean-chailleach ina comhnuidhe timceall na h-áithe seo san am fadó. Bhí sí ina comhnuidhe leithi féin i mbóthán ceann tuighe san gcoill. Bhí sí an-chrosta agus dá brígh sin bhí faithcíos an domhain ar na doainibh roimpí. Sean-bhean a bhí inntí. Bhí sí chomh-granndha le gráinneóig. Bhí sí an-árd! Fiacla móra ag sgaradh ón a chéile agus a cuide gruaige ina seasamh ar a ceann. Bhiodh sí ag goid lachan, sicíní agus uile rud eile ó na daoinibh.
Nuair a fuair an cailleach bás ní raibh mórán bróin ar mhuintir na h-áithe mar do bhí fhios aca go raibh deire leis an gcailligh agus an goid.- Collector
- Treasa de Búrca
- Gender
- Female
- Address
- Ballinchalla, Co. Mayo
- Informant
- Séamus de Búrca
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Ballinchalla, Co. Mayo
- Is teann madadh ar a theallach féin.
Ní hé an té a saothruigheas an práta mór a gheibheas go minic é
Mícheal ar meisge agus a bhean ag ól uisge.Ní rún é ma chloiseann beirt é.
" Caith an lá is seirbhís Dé
Agus leanfaidh an oidhche lorg an lae. "
Clann na ndaoine sona adhbhar na ndaoine dona:
Clann na ndaoine dona adhbhar na ndaoine sona.
Tá tuitim an ceárnamáin ar oidhche Foghmhair.Ag caitheadh clabair ar an ngealaigh.Sonas ar do láimh agus go bhfágaidh Dia an síneadh innti.Beidh a chuid féin ag an bhfairrge.Ní féidir le fear dall cat dubh a fheiceál i seomra dhorcha, go háirighthe nuair nach bhfuil an cat annsin ar chor ar bith.
Treasa De Búrca
Baile-an-Calaidh- Collector
- Treasa de Búrca
- Gender
- Female
- Address
- Ballinchalla, Co. Mayo
- Informant
- Séamus de Búrca
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Ballinchalla, Co. Mayo