Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 287
- XML “Pisreoga”
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má labhrann an chuach ar chrann gan duilleabhar díol an bhó agus ceannuigh arbhar.Ma thagann aoinne isteach san teach agus tú ag déanamh maistriú ba cheart duit iarraidh air cabhradh leat nó bhféidir go dtógfadh sé an t-im leis.Ná chuir cipín sa teine lá Choille.Ná leig daoine sgáth fearthainne d'osgailt taobh istigh de'n doras.Gearrann duine comhartha na croise ar an mbuin tús i bleaghán.Ná fág bróga riamh ar an mbord mar beidh troid ann.Bristear cáca ar an doras ar oidhche chum an Dá Lá Déag chun an ocras a chur ón dtigh ar feadh na bliadhna.Cuirtear coinneál le h-aghaidh gach duine ar lasadh san bhfuinneóigh Oidhche Lá Choille agus an coinneál is túisce a rachadh amach deirtear gurb é an duine a raibh a ainm ar an gcoinnéal sin, is tuisce a gheibheas bás.Cuir snaithín dearg ar earbhall na bó nuadh beirte ar fhaithcios go ngoidfeadh na sidheóga an bainne uatha.Má ghlaodhann an coileach ar an leath-doras agus aghaidh ort is deágh-sgéal é.
- Nuair a bhíonn daoine ag caitheamh amach uisce san oidhche deireann síad chugat! chugat! uisce salach.Nuair a bhíonn daoine ag fágháil bainne ó dhaoine eile ní maith leo é a d'fhágháil ar an chéad lá san mbliain.Nuair a bhíonn sgeach an-shean bíonn faitchios ar na daoinibh é a ghearadh.Nuair a bhíonn daoine ag déanamh maistreadh cuireann siad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraic Mac An Bheatha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dringeen Middle, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Mhic Bheatha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Dringeen Middle, Co. Mayo