School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 319

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 319

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 319
  3. XML “Miana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Miana
    Dá bhfaighainn sé mo mhiana do riar
    A's cead cairte mo shaoghail-sé do shuidheamh,
    Do bheinn mar an triath séanúil liath,
    Gan ceangal le h-éinne acht síth,
    Déanfadh acra beag fearainn nó dhó,
    Mo réim-sé i gcéim mar budh chúibe;
    Do mheasfainn mo flaitheas gur mór,
    'S budh claon liom beith ag géilleadh d'on rígh
    Mo pharste beag fearainn ba mhírch,
    le roinnt de gach príomh-thortha b'fhearr,
    Gan teacht air ag fearthainn na gaoth,
    Acht cuimseacht gach síne i dtráth;
    budh líonmhar im brúighin beag gach nídh,
    be thairbheach an taithneamh 'na mbéadh;
    do b'aoibhinn clos fuigle mo thighe,
    Is má leabhra is fearra ghá léigheamh.
    Do b'aerach le féuchain mo bhóth,
    le thaobh coille agus fíor-thobair úir;
    Na h'éanla an uair d'éireóchainn go moch,
    Go h-aoibhinn ag síor-seinm ciúil;
    Srut siosmach , ciumais-ghlas, iomad-bhláith,
    Crainn trom-thortha agus geamhartha le n-ais,
    budh cliste iad na bric in a lár
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine de Brún
    Gender
    Female
    Address
    Inishmaine, Co. Mayo
    Informant
    Máirtín Ó Branagáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Killour, Co. Mayo