School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 283
- XML “Ráite - Aimsir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- RÁIDHTE-AIMSEAR
Nuair a bhíonn sneachta ar Neifin bíonn fuacht in a dá ríríbh in Éirinn
"Bíodh an aimsear olc nó maith,
Gheobhaidh an bacach oiread le flaith."
"An áit a bhfuil deatach tá teine;
An áit a bhfuil teine tá teach;
An áit a bhfuil teach tá bean;
An áit a bhfuil bean tá geab."
Bíonn anál leas-mhathair ar an ngaoith ó thuaidh.Níl an aimsear is measa chomh h-olc le crith-talmhan."Ní bheidh ann acht cioth." mar a dubhairt an t-amadán le Noa, nuair a bhí sé ag dul isteach san Airc.
COMHARTHAÍ FHEARTHAINNENéala troma dubha
Madadh ag ithe féir
Cat ag scríobhadh adhmaid
Ba ag rith le teasmhoch an lae
Cat agus a ruball leis an teine
Fáirsneach mioltógaí
An ghaoth ag feadalaigh i bpull na h-eochrach
An deatach ag teacht anuas
An súite ag tuitim
Ceo sean-ghealaighe
Ceo ar bhárr na gcnocFonn cainnte ar fhallsóir
Fáinne ar an ngealaigh
Cuma bháidhte ar an ngréin
Bric ag léimnigh go tiugh
Pianta i gcnámh duine
Trom chodladh ar óg agus aosta
sean-mhná ag tuitim as a chéile le fallsacht
Comharthaí Earraigh - samharchain, uain óga
Comharthaí Shamhraidh - teacht na cuaiche
Comharthaí Foghmhair - nead traonach
Comharthaí Geimhridh - teacht na ngéach bhfiadhan
(ó Chaít Bean Mhic Bheatha, Draingín, Cunga- Collector
- Pádraig Mac Bheatha
- Gender
- Male
- Address
- Dringeen Middle, Co. Mayo
- Informant
- Cáit Bean Mhic Bheatha
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Dringeen Middle, Co. Mayo