Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 326
- XML “Scéal - Roinnt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal - Roinnt.Bhí fear in a chomhnuidhe in aice na háite seo tá fada ariamh ó shoin, a raibh seacht gcapall déag aige. Tháinig an bás air acht sul a bhfuair sé bás rinne sé uadhacht ag fágáil leath a chuid capall ag a mhac ba sine, an tríomhadh cuid ag an dara mac, agus an naomhadh cuid ag an mhac a ba óige.
Bhí go maith agus ní raibh go holc. Fuair an t-athair bás, agus nuair a cuireadh é thosuigh na mic ag roinnt na gcapall, de réir mar d'órduigh an t-athair san uadhacht. Acht, a fheara breághtha, is annsin a thosuigh an trioblóid. Ní thiocfadh leo dhá leath chom-throm do dhéanamh de sheacht gcapai[ll] déag; ní thiocfad leo trí chuid chomhthroma a dhéanamh de na capaillibh, agus bhí an trioblóid céadhna ortha mar gheall ar an naomhadh cuid.
Fá dheireadh thiar thall, nuair nach raibh níos fearr le déanamh aca, shocruigh siad go gcaithfeadh siad scian a thabhairt leo agus na capaill a ghearradh san gcaoi a mbeadh a cheart féin ag gach fear. Leis sin tháinig sean-fhear liath chomh fada leo, agus é ag marcaidheacht ar shean-chapall. Chuir sé ceist ortha céart do bhí ag cur trioblóide ortha agus d' innis siad dó an sgéal ar fad. Tháinig an sean-fhear anuas de chapaill féin, agus chuir i gcuideachta na seacht gcapall déag é.
"Anois," ar seisean, leis an mac ba sine, tabhair leat leath na gcapall."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Laighnighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Killour, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Murchadha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Loughmask Castle, Co. Mayo