School: Gort Sceithe (roll number 13062)
- Location:
- Gortskehy, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Ó Cléirigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Sceithe
- XML Page 153
- XML “An Gabhar agus an Mac Tíre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Gabhar agus an Mactíre
Bhí gabhar ann fadó agus bhí sé cinn de mhionnáin aice. Lá amháin agus í ag dul amach dubhairt sí leo gan aoinne a leigint isteach. Tar éis tamaill tháinig an mactíre. "Cé tá annsin?" ars siad-san. "Bhur máthair", ar seisean. D'iarradar air a chos chur isteach, agus chuir. "Gread leat as sin", ars siad. "Ní tusa ár máthair, mar tá cosa bána fuithe".
D'imthigh an mactíre go dtí an muillean. Chimil sé plúr ar a chosaibh. Tháinig sé ar ais arís go dtí na mionnáin. Nuair chonnaic na mionnáin na cosa bána cheapadar gurbh é a máthair a bhí ann dá ríre agus d'osgladar an doras.
Nuair chonnaiceadar gurbh é an(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Cléirigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Annefield, Co. Mayo