School: Gort Sceithe (roll number 13062)

Location:
Gortskehy, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Ó Cléirigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Sceithe
  2. XML Page 179
  3. XML “Cailín an Luaithrigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhí ar an aonach. Bhí an bheirt inghean 'ghá masladh agus 'ghá cáíneadh acht dubhairt an mháhair go bhfuair sí féin radharc maith uirri agus go raibh sí cinnte gur cailín áluinn laghach a bhí innte.
    Sleamhnuigh seachtmhain thart agus tháinig lá an mhargaidh arís. Margadh mór a bhí ann an lá seo mar ní raibh fear óg ná cailín ins an seacht bparáiste nach raibh ann. Daoine nach raibh ar margadh le bliadhain bhíodar ann an lá sin agus gach duine ag leigint air nach chun an cailín ar an each a fheiceál a tháínig sé.
    Timcheall an meadhon lae tháínig an cailín isteach tríd an aonach. Bhí mac an ríogh i láthair agus cheap sé labhairt léithe cúpla uair acht níor chuir sí aon tsuim ann.
    Shiubhail sí thart cúpla uair sul ar thug sí an bóthar uirri. Nuair bhí sí ag imtheacht bhí mac an ríogh ag fanacht uirri ag geata an bhaile mhóir agus thug sé iarracht ar greim a fhagháil ar an gcapall. Thug an capall léim i leath-toabh agus thuit bróg leis an gcailín síos ar an talamh. Níor fhan sí le n-a fhagháil acht d'imthigh sí léíthe ar nós na gaoithe.
    Fuair mac an ríogh an bhróg agus thug sé leis abhaile í. An lá in a dhiaidh sin chuir sé fógra amach á rádh go bhfuair sé an bhróg agus go bpósfadh sé an cailín go bhfeilfeadh sí dhí.
    Chaith sé mí ag tasteal na tíre acht ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Cléirigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Annefield, Co. Mayo