School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rusgaigh (2)
- XML Page 115
- XML “Beatha na nDaoine Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seo ach go hannamh mar ba mhaith leis na seandaoine cuid mhaith uibheacha a bheith sa gciseán gach seachtain le haghaidh an tsiopa.
Is beag arán geal a bhíodh le fáil sa gceantar seo tá caoga bliain ó shin ann, ach bhí saghas eile acu, mar atá, arán mine coirce, arán cruithneachta, arán seagail agus ‘bocstaí’, a dhéantaí le fataí. Tá daoine ann fós a dhéanann pancóga fataí agus bocstaí, ach admhaím féin nach ró-oiriúnach an bia é d’éinne nach mbeadh goile láidir aige. Is é arán mine coirce is mó a chaithidís. Ní mórán feola a chaithidís, agus bágún a chaithidís uair ar bith a mbíodh feoil acu. Thógaidís muca, ceart go leor, ach is fíor-chorrdhuine a mb’acmhainn dó muc a mharú chun feola mar a dhéantar anois. Nuair a bhíodh an mhuc mór agus ramhar agus beathaithe thugtaí ar an aonach í le hairgead an chíosa a fháil. Is minic a thugtaí mar leasainm ar an muc ‘an fear uasal a íocas an cíos’. Bhí seandaoine ann a thug an ceithre scór bliain agus leathscór eile leo isteach san uaigh gan mairteoil nó caoireoil a bhlaiseadh riamh. An bágún a ití sa tír seo fadó is ó Mheiriceá a thagadh an chuid is mó de, agus ní bréag a rá gur bheag an chaill do mhuintir na tíre nuair a cuireadh cosc lena theacht isteach.(continues on next page)