School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rusgaigh (2)
- XML Page 162
- XML “Pisreoga a Chleachtaítear sa gCeantar Seo Fós (Ceantar Chnoic Mhuire)”
- XML “Pisreoga a Bhaineas le Sochraidí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Ní ceart do dhuine coscadh ar an gcomharsain uisce a fháil ón tobar. Má chuirtear cosc air, triomóidh an tobar, a deirtear.2. Comhartha drochratha é salann a dhoirteadh.3. Tagann mí-ádh seacht mbliana ar dhuine má tharlaíonn dó scáthán a bhriseadh.4. Cuirfear mí-ádh air ar an aistear má chastar bean rua le duine.5. Ní thagann séan as pósadh a dhéantar le linn na Bealtaine.6. Ní ceart éadaí nua a chaitheamh ag dul ar sochraid duit munar chaith tú ag dul ar an Aifreann ar dtús iad.
- 1. Nuair a bhíonn duine ag fáil bháis sa teach is ceart stop a chur le gluaiseacht an chloig, agus má bhíonn gaolta i láthair is ceart dóibh dul amach ón teach ar eagla go dtógfaidís an galar.2. Má bhíonn uachtar ramhar le haghaidh maistrithe sa teach nuair a gheibheann duine bás is ceart an t-uachtar a chaitheamh amach agus gan a mhaistreadh ar chor ar bith.(continues on next page)