School: Tón Ruadh (roll number 12809)
- Location:
- Tonroe, Co. Mayo
- Teacher: Máirtín Ó Giobaláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ’Sé Baile an t Seadaire an Bailefearann in a bhfuil mé i mo chómhnaidhe. Tá sé suidhte ar an taobh theas de’n sgoil.
Luigheann sé leath bhealaigh idir dhá bhóthar mhóra. Tá bóthar ag rith ó Bhealach a’ Doirín go dtí Baile Chathail ar an taobh theas de agus tá bóthar ag rith ó Bhaile Chathail go dtí Baile an Bhóta ar an taobh thuaidh de.
Tá talamh maith i n-áiteachaibh ach tá áiteacha eile go bhfuil an talamh bog ríascach agus portamhail. Tá timcheall deich dtíghthe ann ar fad.
Adeirtear go bhfuair sí a ainm Baile an t Seadaire ó fhear gaisgeamhail láidir a bhí ann fadó. An seadaire a bhí mar ainm air agus adeireann na daoiní gur cuireadh Baile an t Seadaire ar an mbailefearann mar gheall ar sin.
Dubhairt sean duine san gceanntar go mbíodh na fir bailighthe suas i dteach agus go mbíodh síad ag imirt cártai ar airgead agus ag troid ar son airgid. Ar an ádhbhar sin de réir cainnte daoiní eile cuireadh Baile an t Seadaire air mar do réir cuid de na daoinibh is(continues on next page)