School: Muine Chonnalláin B.

Location:
Bunnyconnellan, Co. Mayo
Teacher:
Seán Ó Lochnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0128, Page 273

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0128, Page 273

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Muine Chonnalláin B.
  2. XML Page 273
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ciste óir i bhfolach.
    [N]íl ceanntar in Éirinn nach bhfuil ciste óir i [bh]folach ann de réir sgéal. Tá pota óir i bhfolach i [b]páirc Seán Mac an Bhreitheamhain de réir sean-sgéalta [d]o chuir na daoine maithe an pota óir i bhfolach annsin, [d]eirtear. Áit chiúin iseadh í agus bheadh faitchíos ar [éi?]nne a dhul in-aice na h-áite mar bhíodh na sidheóga [a]g imirt peile ann gach oidhche Shamhna. D'innis Mártain [Ma]c Shiurtáin an sgéal seo dhom. Uair amháin d'innseóchadh [d]'fear i mbrionglóid go raibh pota óir i bhfolach faoi [ch]rann i bpáirc Sheáin Mac an Bhreitheamhain. Lá ar 'na [mh?]áireach d'éirigh sé go moch ar maidin agus chuaidh sé [a]mach go dtí an pháirc chun an t-ór a fhághail. Nuair a [bh]í sé in-aice leis an gcrann chonnaic sé sidheóg ag [s]easamh in-aice leis an gcrann. Ar an bpoinnte d'imthigh [an] sidheóg as radharc. Romhar sé poll faoi'n gcrann [a]nnsin, acht ní bhfuair sé acht cnámha. Chaith sé dhá lá ag [r]omhar acht ní bhfuair sé tada. Chuaidh sé abhaile go [b]rónach agus ní dheachaidh sé ar lorg an óir ó'n lá sin go [d]tí an lá atá indiú ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    James Ruane
    Gender
    Male
    Address
    Carrowreagh, Co. Mayo
    Informant
    Martin Jordan
    Gender
    Male
    Address
    Carrowreagh, Co. Mayo