Scoil: Muine Chonnalláin B.
- Suíomh:
- Muine Chonalláin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Lochnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciste óir i bhfolach.
[N]íl ceanntar in Éirinn nach bhfuil ciste óir i [bh]folach ann de réir sgéal. Tá pota óir i bhfolach i [b]páirc Seán Mac an Bhreitheamhain de réir sean-sgéalta [d]o chuir na daoine maithe an pota óir i bhfolach annsin, [d]eirtear. Áit chiúin iseadh í agus bheadh faitchíos ar [éi?]nne a dhul in-aice na h-áite mar bhíodh na sidheóga [a]g imirt peile ann gach oidhche Shamhna. D'innis Mártain [Ma]c Shiurtáin an sgéal seo dhom. Uair amháin d'innseóchadh [d]'fear i mbrionglóid go raibh pota óir i bhfolach faoi [ch]rann i bpáirc Sheáin Mac an Bhreitheamhain. Lá ar 'na [mh?]áireach d'éirigh sé go moch ar maidin agus chuaidh sé [a]mach go dtí an pháirc chun an t-ór a fhághail. Nuair a [bh]í sé in-aice leis an gcrann chonnaic sé sidheóg ag [s]easamh in-aice leis an gcrann. Ar an bpoinnte d'imthigh [an] sidheóg as radharc. Romhar sé poll faoi'n gcrann [a]nnsin, acht ní bhfuair sé acht cnámha. Chaith sé dhá lá ag [r]omhar acht ní bhfuair sé tada. Chuaidh sé abhaile go [b]rónach agus ní dheachaidh sé ar lorg an óir ó'n lá sin go [d]tí an lá atá indiú ann.- Bailitheoir
- James Ruane
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Martin Jordan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach, Co. Mhaigh Eo