School: Muine Chonnalláin B.
- Location:
- Bunnyconnellan, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Lochnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Muine Chonnalláin B.
- XML Page 287
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“D'innis m'athair dhom go raibh Riobárd Ó Nárdhaigh...”
D'innis m'athair dhom go raibh Riobárd Ó Náradhaigh ó Ceathrú an Lobáir abalta dhá chéad meadhchain a iomchair dhá chéad slat 'na leath-lámh. D'innis m'athair dhom go raibh m'uncal Donnchadh Ó'Ruadháin ó Cheathrú an Riabhach a shuibhal go Droichead Átha cos-nocht nuair a bhíodh sé ag dul go Sasana. D'innis m'athair dhom go raibh Tomás Mac an Bhreitheamain ó Cheathrú an Riabhach abalta an méid cloch a n-iomchróchadh asal i gcairt a iomchar ar a cheann i gciseán, agus deirtear go raibh sé abalta dhá chéad cairt mónadh a bhaint i dtrí lá. Deirtear go raibh sé abalta dhá acraí de fhataí a bhaint is seachtmhain amháin. D'innis m'athair dhom go raibh Séamus Mac an Bhreitheamhain ó Cheathrú an Riabhach dearbhráthair do Thomáis abalta tríocha stacaí de choirce a chur ar chairt in-aon lá amháin. D'innis m'athair dhom go raibh Seán Ó'Cléirigh as an Sruthán Geal abalta a rith ó Thobair an Choice isteach go Muine Chonnalláin in uair go leith.
My father Owen Ruane, Carrareagh, Bonniconlon, Ballina told me this story.
James Ruane, Carrareagh, Bonniconlon, Ballina- Collector
- James Ruane
- Gender
- Male
- Address
- Carrowreagh, Co. Mayo
- Informant
- Owen Ruane
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrowreagh, Co. Mayo