School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
![The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 27](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_27.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 27
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 27
- XML “An Gorta Mór”
- XML “Brian Rua - An Fáidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
An Gorta Mór (continued)
“I mbliadhain 1845 do mhair na hÉireannaigh go léir ar fataí.”
(continued from previous page)na h Éireannaigh an Creideamh Caitiliceach dhó, i gCiarraigh, Clár, Gaillimh, Sligeach, agus Mhuigheo. Roimh aimsir na gorta bhí gar le naoi milliún daoine sa tír ach indiaidh aimsire na gorta ní raibh ach sé milliún.- Do bhí Brían Ruadh in a chómhnuidhe in aice le Béal Átha Mhuirid. Bhí an talagóireacht aige agus deirtear gurb é seó an chaoí a bhfuair sé é:—
Aodhaire stuic do bhí ann agus lá amháin nuair a bhí sé amuigh thuit a chodhladh air. Núair a bhí sé in a chodhladh bhí brionglóid aige go bhfaca sé tarbh ag teacht isteach ar an bhfairrge imeasg na beithidhigh. Taréis tamaill fachthas do gur imthigh an tarbh aríst. Nuair a dhúisigh Brían chuaidh sé chómh fada leis an sagart agus d’innis sé an sgéal dhó. Dubhairt an sagart leis an chéad cuid de bhainne an chéad bhó a mbeadh gamhain aicí a thabhairt chuige féin. Nuair a rug an bhó d’imthigh Brían Ruadh chuig an sagart le cana de’n bhainne. Ar a bhealach(continues on next page)- Collector
- Mártan Ó Tuathchain
- Gender
- Male
- Informant
- Liam Ó Tuathchair
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bleinkeragh, Co. Mayo