School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)

Location:
Srahnamanragh, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Eachmharcaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 96

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 96

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sraith na mBannrach
  2. XML Page 96
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an uair is mó a phósann daoine ná san Inid.
    Deirtear nach ceart aon phósadh a dhéanamh i rith na h-Aidhbhinte na Carghaoise agus ar feadh an dá-lá déag tar éis na Nodlag.
    Tosuigheann an pósadh leis an gcleamhnas. Téigheann an fear atá le pósadh agus cara leis go dtí teac athar an chailín agus tugaid buidéal uisge beatha leo. Má castar cailín nó bean leo ar an mbealach fillfidh siad abhaile agus fágfaidh siad an socrú go h-oidhche eicínt eile.
    Nuair a thagann siad ag an teach socruigheann siad an cleamhnas. Sé an cara agus athair an cailín a dhéanas an gab(?) agus an fear atá le pósadh ag éisteacht leo.
    Nuair a bhíos an dá thaobh sásta maidir le spré pé’r bith airgead stoch nó carraidhe é, leagtar lá amach le h-aghaidh an pósadh agus téigheann an fear agus athair an chailín go dtí an sagart leis an bpósadh a shocrú. Sa tráthnóna tuairim is a sé a chlog is mó a bhíos an pósadh.
    Bíonn bainis aca i dteach an chailín maidin an phósadh agus fíon agus leann agus uisge beatha aca. Ag dul ag an séipéal dóibh téigheann an fear ar chárr amháin agus an cailín ar chárr eile. Bíonn fear pósta sa gcarr leis an bhfear agus bean pósta sa gcárr leis an gcailín. Má casann cailín orra ar a mbóthar fillfidh siad ar an dteach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Ó Cormaic
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Aughness, Co. Mayo
    Collector
    Feidhlim Ó Muireadhaigh
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Aughness, Co. Mayo
    Collector
    Máire Ní Liathnacháin
    Gender
    Female
    Age
    17
    Address
    Srahnamanragh, Co. Mayo
    Collector
    Mártan Ó Connmhaigh
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Srahnamanragh, Co. Mayo