School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
![The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 252](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_252.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 252
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 252
- XML “An Bás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mnáibh a bhíonns ag nighe an chuirp agus do gach duine a bhíonns istig ag an am sin.Nuair a nightear an duine cuirtear ós cionn cláir é agus caointear é agus gach duine gaolmhar a thigeann isteach caoineann siad é chomh maith.Ní ceart snaidhm a chur ar na héadaigh a bhíonn siad a fuagháil don corp agus na mná a bhíonns ag fághail réidh an corp caithfidh siad a bheith i láthair nuair a chuirtear san cónra é.Ní caithtear amach an t-uisge a nigheanns an duine go dtéigeann an corp amach.Bíonn an corp istigh dhá lá agus dhá oidhche agus an triomadh lá cuirtear é. Nuair a bhíonn siad ag cur an cuirp isteach sa gcónra leagtar na cosai idtreo an uaigh agus má's sagart é cuirtear a cheann idtreo an uaigh. Iomcarann ceathrar fear ar an sloine amháin an corp.Foscluigheann na gaolta an uaigh agus nuair a cuirtear an corp síos caointear arís é. Na sean cnámh a cartar amach cuirtear síos arís iad i gcuideachta leis an cónra. Suibhlann na gaolta is goire dhó thart ar an uaigh trí huaire.Má casann duine le socraid is ceart trí coiscéim na trócaire a thabhairt leis.Ní bhíonn muinntir an bhaile ag obair ó cailltear duine go gcuirtear é. Má cailltear bean óg is le a muinntir féin a cuirtear í. Is bosca a cuirtear ar páiste óg.(continues on next page)
- Collector
- null
- Gender
- Female
- Informant
- null
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female