School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 269
- XML “Iascaireacht”
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- IascaireachtNí déantar mórán iascaireachta san áit seo anois acht fadó déantaoi a lán iascaireachta ann. B’fhéidir go mbéadh sé ar siubhal go fóill acht gur báitheadh a lán daoine as an áit tuairim is cead bliadhain o shoin agus iad ag iasgaireacht. D’éirigh an stoirm agus baitheadh an chuid is mó aca agus mar gheall air sin rinn fear as Cleagan an t-amhrán seo.
Amhrán
“Dheirimse mo mhallacht ar an bhád a báitheadh an méid sin.”
AmhránBheirim-se mo mhallacht ar an bhád a baitheadh an méid sin.
Doimnic in Aisle agus Mícheál Bán O hEiniú
Donnchadh Beag is mac Máire
Domhnall Bán is Séumás
Agus Páidín sé mo léan-géar a chuartuigh Innis Cloinéir2
Baineadh an dara toss asam aniar ó Rae? na gCurrach
‘Gus báitheadh plúr na bhfear orm
Sé Paidín deas Máire óige.
Is binne tú ná an Chuach agus b’uaisle ná do gáire
Agus bú féile tú ná an Guaire
Nach bfuair ariamh an náire.