School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 011
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caipillín sa stábla is a chos ináirde gan aon cos corruighthe leis
Túirne
D'fheach mé amach ar fhuinneóg dadó agus chonnaic mé an rud marbh ag tarraing an rud bheó.
Bád ar an bhfhairrge.
Tá sé istigh ins an siopa agus ní'l sé diolta san siopa.
An Ghrían.
Chuaidh mé suas an bóithrín, tháinic mé anuas an bóithrín, thug mé an bóithrín ar mo dhruim liom.
Dréimre.
Tágann sé isteach dubh agus téigheann sé amach bán.
Móin.
Fear fada dubh in a sheasamh ins an tsruth agus gán tada as a bheal acht dodaí ó dubh.
Deatach ag teacht anuas.
Siubhlann sé lé ceithre cosaí ar maidin ar am dinnéar lé dhá chois agus ins an oidhche lé trí chosa.
Duine
Cé hé chugam thríd an mhóin-fhéir gan léine agus é ag rith, sé mo thruaigh an fear gan leine agus é ag rith.
Na daoine marbha.
Tá mé siar tá mé soir agus tá mé in áirde Baile Áthá Cliath is mór mo fhlaith tapaidh agus ní bhlaisim de bhíadh é.
Speal.
Cuid amháin marbh, cuid eile beó agus a roball da chraitheadh aige.(continues on next page)- Informant
- Aine Ní Cheallaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 18
- Occupation
- Domestic worker
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo