School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 019
- XML “Daoine Cáiliúla Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair Antoine O Catháin as Tulachán Dubh, Gaoth-Sáile, bás 25 bliadhna ó shoin. Ba é a mháthair an bhean ba láidre a bhí san áit seo. Is minic a thug sí céad mine buidhe in a seál ar a druim ó Bhéal a'Mhuithrid. Ní raibh aon bhóthar ann an uair sin agus bhí Béal a'Mhuithrid aon míle dheug ó Tulachán Dubh. Fuair sí bás 100 bliadhain ó shoin.Donnchadha O hinnéirghe.D'fhág Donnchadha O hinnéirghe, Tulachán Bán, a theach féin ar maidin. Chuaidh sé trasna na gcnoc agus na sléibhtí go Baile Uì Fiacháin agus bhruith sé a shuipéar ins an bpota a bhí abhaile leis tráthnóna an lae céudna. Tá Baile Uí Fiacháin 23 míle ó'n áit seo agus bhí sé níos fuide treasna na sléibhtí.
Timcheall 65 bliadhna ó shoin d'fhág Brian Òf Gamnain féin, Mártan Breathnach, Mícheál Mac Suibhne an áit seo go moch ar maidin(continues on next page)- Collector
- Brighid Nic Thámhais
- Gender
- Female
- Informant
- Brian Ó Gamhnáin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Address
- Tulachán Bán, Co. Mayo