School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 027
- XML “An Scoil Náisiúnta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thadg O Cathain. Do mhúineadh sise an teagasg Críostaidhe i mbéarla. Bhí meas mór aige ar an ngaedhilg agus nior labhair sé mórán ariamh leis na daoine acht gaedhilg, acht ní raibh aon mheas ag na daoine ar an teangaidh agus is minic a thigeadh siad chuige ag rádh gan a leigint do na malraigh a bheith labhairt Gaedhilge. Caithfeadh sé go raibh meas ag an gcléir ar an teangaidh chomh maith nó ní bheadh sé ag múineadh an teagasg Críostaidhe Gaedhilge.
Leabhra agus Peanna: Bhíodh leabhraí beárla aca san teach fóid agus san sgioból. Bhíodh leabhraí beárla, leabhrai uimhiridheacht (Fosters), cruinneólas (Sullivan's) gramadacht (Sulivan's) aca san scoil náisiúnta; peann cleite a bhíodh aca agus is é an múinteóir a dhéanadh. An múinteoír a sgriobhadh an barrlíne ar gach uile chóipleabhar. Chaitheadh sé mar sin cuid mhór dá am ag déanamh na bpeann agus ag sgríobhadh na mbarr-líntí. Chaitheadh na daltaí an chuid is mó de am na scoile ag sgríobhadh an bharr-líne agus bhreagh íad ag an bpeannaidheacht acht nior chleachtaigh síad ceapadóireacht.Ba mhaith an t-amránaidhe Mac uí Chathmhaoil i mbéárla agus i ngaedhilg acht níor mhúin sé aon amhránaidheacht san scoil.
Meas na ndaoine air: Dubhairt na sean-daoine go mion agus go minic nach mbeidh aon múinteóir i nDuthaigh Tuama go bráthach chomh maith leis.(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Bean Uí Chonnamhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mayo