School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 061
- XML “An Mhuc Mhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Amhrán ó : Pádhraic Mag Dhuibhir, Dubh-Thuama
Nuair a chualaidh an Mhuc Mhara a bhí ag Ceann Léim' na Gaillimhe
Gur marbhuigheadh a céile ag Cuan an Fhód-Duibh,
Chroc sí a ruball i's a h-eite gá stiúradh
Go dtainig sí an lá sin go light-house a'Toir.
Bhí sí cur faírneis le iasgairí na háite
Cé rinne an t-ár na cé dhóirt an fhuil
I's gur le ord mór na ceárdchadh ag bun Srothán na Rátha
A mharbhuigh hannroi Aoidh Bhaín í ar maidin indiú
Horraot a Hannraoi, ba dona é do thealg (Seilg?)
A mharbhuigh mo cheile i's í ag cárnadh sa t-sroth
Is gur soir go Cúl Láibe bhí a ghluasacht an lá sin
Nuair a chualaidh sí an ola a bheith ag bean Eamuinn Dhuibh
Light-house an Toir - Blackrock light-house* * *
Mleachlainn an Gabha (O Gachaín) a chum an giota sin thuas ag magadh fa n-a athair a fuair muc Mhara marbh ar an tráigh. Nuair a chualaidh an t-athair faoi lean sé an mac leis an ord mór. B'éigin do'n mac teicheadh go deirbhsiúr leis a bhí 'na cómhnuidhe san Taobh istigh in aice leis an nGeata Mór.- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Informant
- Pádhraic Mag Dhuibhir
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo