School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 069
- XML “Bóithrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an bóthar seo ag dul o'n scoil siar go dtí an aill atá thsiar i Gceann-ramhar. Tá sé déanta ar feadh trí scór bl. Tá bothar eile ag dul o seo go dti an abhainn-mhór agus ag dul go dtí Gaoth-Sáile. Tá bothar eile ag dul suas go dtí an Ráith agus ag dul go Gaoth-sáile. Tá cros bhothar annseo agus bíonn ná daoine uilig ag deanamh comhrádha ann. Tá cros-bhothar eile shuas ar bharr ná Ráithe acht ní cruinnigheann na buachailli ann mar níl aon fhosgadh ann mar atá ag crois-bhothar na scoile. Tá bothar eile ag dul amach tré Ceann-ramhar agus tá sé deanta lé dhá bl.
Tá cnoc thios in aice Ghaoth-sáile agus tugann siad "cnoc 'a toirbhirt" air. Tá sruthan ag dul treasna am bothair agus tugann siad fionn locha air. Tá fionn-loch 200 slat ar taobh thiar dhen scoil- Collector
- Brighid Nic Thámhais
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Mac Thámhais
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo