School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thainig an tráthnóna agus bhí driopás mór ar na h-iasgairí go léír ag dul chun fairrge. Thainig fuireann an fhir a ndubhradh leis gan a dhul amach. Bhí siad ag fagháíl faoi réir mar chách acht sheas an fear ag an mbád agus ní leigfeadh sé dóíbh a sháthadh. "Ní'l an bád seo ag dul amach anocht," ar seisean. Tig libh a dul i mbáid eile ma thogruigheann sibh acht ní ghabhfaidh mo ceann-sa amach.Bhí na sgadáin loicthe ar na daoine a fuaidh ins an a bhfáighte gach oidhche eile íad. D'éirigh solus go hárd chun na fairrge uatha agus dubhairt síad gurbh shin é an áit a raibh siad marbhú na sgadán ann agus tharraing síad air. Nuair a bhí siad i n-aice leis an áit a raibh an solus d'éírigh an stoirm. Thoisigh na báid ag cainnt le chéile. "Báíthfidh mise m-fhuireann féín," arsa an chéad bhád. "Báithfidh mise m-fuireann féín" arsa an dara bád; "agus báithfidh mise m-fhuireann fhéín," arsa an triomhadh bád, agus mar sin de.Bhí céád baintreabhach ar an gcladach ar maidin gan cainnt ar na fir neamh-phósta.Bhí cuimhne ag athair mór Micheáil Uí Chonamhacháin ar an mbáthadh seo.
is cosamhail é seo leis an sgéal atá i bhfiche bliadhan ag fás- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Ó Conamhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tulachán Bán, Co. Mayo