School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní'l a fhios ag na daoine acht chomh buaidheartha a bhím-se,
An tráth a smaonuighim ar stór mo croidhe,
A's gur sínte léithe a bhínn feadh na h-oidhche,
Is idir a dhá chíc gheal a bhíodh mo lámh
Ní'l gar dom ag cuimhniú go bhfuighidh mé choidhche í
I mbun mo thighe nó mo leanbh bán
I's go bfuil fuil mo chroidhe ag tigheacht na taomaí
I's a Dhia, cé hiongnadh dhom a bheith i ndéidh mo ghrádh
* * *
Fuaireas an t-amhrán seo ó Phádhraic Mac Guibhir. B'as Inis Sgéidh Sail Óg Ruadh. B'as Oileán Éadaigh a fear. Eisean a chum an t-amhrán agus an fonn atá leis, is dóigh. Tá Oileán Éadaigh i n-aice le Caisleán a Bharraigh.Bhíodh sé go minic i mBeul a Mhuithrid ag ceannach beithidheach agus ar cheann de na hócáidí sin chonnaic sé Sail Óg. Thuit sé i ngrádh léithe agus phós sé í in aois a sé bliadhna deug. Deug sí go hóg ag fágaíl triúr páistí na déidh. Nuair a chualaidh a triúr dearbhraáithreacha go raibh sí marbh chuadar suas go Oileán Éadaigh le sásamh a bhaint as mar shíl siad gurab amhlaidh a rinneadh éagcóir uirri. Nuair a shroicheadar an teach mhothuigh siad an ceól fior-bhrónach. Sheas síad an taobh amuigh ag éisteacht. Is amhlaidh a bhí(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir