School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 176
- XML “An Inid”
- XML “Féile Eoin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sí an Inid an tráth de'n bhliladhain ó'n lá deiridh de Nodlaig go dtí Céadaoin an luaithridh. Tá an t-am seo leagtha amach le h-aghaidh pósadh agus caitheamh ainsire de gach saghas. Tugtar Máirt na h-Inide ar an lá deiridh de'n Inid. Déanann muintetear na h-áite seo trosgadh ó feóil an lá sin. Bíonn cácaí friochtáin againn le h-aghaidh an tae. Ní imrigheann na daoine cártaí ná ní bhíonn caitheamh aimsire ar bith aca an oidhche sin. Níor chualaidh na sean-daoine fá caitheamh salainn ar na buachaillí óga agus ar na cailíní óga annseo ariamh fé mar atá i n-áiteacha eile
Bríghid Ní Fhlannghaile
Rang a VII- Collector
- Bríghid Ní Fhlannghaile
- Gender
- Female
- Déantar teine cnámh ag an gcros bhóthar nó i n-aice an tighe. Tagann na cómharsannaí ar fad agus deireann siad an paidrín ag siubhal thart timcheall na teine. Tugann gach duine splannc leis agus caitheann sé isteach sa mbárr fataí no coirce é. Creideann siad go gcuireann sé feabhas ar an mbárr.